À proposConditionsConfidentialitéContact
 
Actualisation
Idir Chroí agus Anam

Idir Chroí agus Anam

Date de sortie : 2025-10-28
© Tomaí Rua
Idir Chroí agus Anam - QR Code
7 épisodes
Audio
Écouter sur Apple Podcasts
7 épisodes
Audio
Écouter sur Apple Podcasts
Date de sortie : 2025-10-28
© Tomaí Rua
L’épisode le plus récent
Pádraigín Ní Uallacháin | An Caoineadh, Leigheas an Cheoil agus Bandéithe na hÉireann

Pádraigín Ní Uallacháin | An Caoineadh, Leigheas an Cheoil agus Bandéithe na hÉireann

Is amhránaí, scríbhneoir, taighdeoir agus cumadóir í Pádraigín Ní Uallacháin a bhfuil a saol caite aici sna healaíona traidisiúnta, ag caomhnú amhráin a ceantair dúchais féin, Oirialla, agus ag cruthú saothar nua a bhfuil idir dhoimhneac
Durée : 43:08
Is amhránaí, scríbhneoir, taighdeoir agus cumadóir í Pádraigín Ní Uallacháin a bhfuil a saol caite aici sna healaíona traidisiúnta, ag caomhnú amhráin a ceantair dúchais féin, Oirialla, agus ag cruthú saothar nua a bhfuil idir dhoimhneacht mhothúchánach agus saibhreas ceoil ina chroílár.
Shuigh sí féin agus Tomaí síos le labhairt ar an bhás agus ar an bheatha, ar thraidisiún an chaointe agus ar bhandéithe na hÉireann.
Phléigh siad chomh maith an tráma idirghlúine agus an tionchar atá aige ar Ghaeil inniu, foinse na cruthaitheachta, agus an bhrí níos doimhne a bhaineann lena cuid oibre i ndomhan na hamhránaíochta.
Tá tuilleadh eolais faoi shaothar Phádraigín le fáil ar a suíomh idirlín irishsong.com
Id. d’épisode : 1000732816526
GUID : ec40df6f-9efb-4323-a70b-5465582df20b
Date de publication : 28/10/2025 à 13:00:00

Description

Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag cíoradh ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe - is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht.
Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne.
Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil.
Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

Apple Podcasts : Avis des utilisateurs

Pas d'entrée